Scéal faoina mháthair as an Rialann agus ní raibh focal Gaeilge aici. Bhí sí ag cuartú deontais le cró cearc a thógáil agus tháinig cigire amach aici le feiceáil an raibh Gaeilge aici. Rinne sí go maith ach níor tógadh cró na gcearc ariamh.
00:03:46
Fuair teaghlach Mhic Gloinn- dhá chloigeann déag acu deontas na Gaeilge ar an scoil. Ba dhá phunta a bhí sa deontas. B’fhéidir gur
peann luaidhe agus úlla an bronntanas a gheobhadh siad ag Nollaig.
Bhíodh siad ag costarnocht go minic agus is minic a bhíodh na cosa gearrtha, na leighis a bhí acu.